Taighde Nua: Mhéadaigh an neamhchosaint ar riosca ar líne in 2024, ach mhéadaigh na hiarratais ar chabhair a rinne Glúin Z freisin
10 Feabhra, 2025
D'éirigh an timpeallacht ar líne níos contúirtí do Ghlúin Z in 2024, agus bhí ochtar as gach 10 ndéagóir agus aosach óg ag tuairisciú neamhchosaint ar riosca ar líne amháin, ar a laghad. Ábhar dóchais, ainneoin an mhéadaithe ar neamhchosaint ar riosca, go ndúirt níos mó déagóirí gur lorg siad cabhair i ndiaidh fadhb dhigiteach a bheith acu, agus thuairiscigh níos mó tuismitheoirí gur labhair siad lena ndéagóirí chun cabhrú leo déileáil le heispéiris ar líne ar bhealach níos fearr. Chiallaigh na fachtóirí seo le chéile gur mhéadaigh Innéacs Folláine Digiteach (DWBI) Snap Inc. go dtí 63 i mBliain 3, sin suas pointe céatadáin amháin ó 62 i mBliain 1 agus i mBliain 2.
Thug ochtó faoin gcéad de dhaoine idir 13-24 bliain d'aois i sé thír le fios gur dhéileáil siad le riosca ar líne 2024, sin méadú de bheagnach cúig phointe céatadáin i gcomparáid leis an gcéad suirbhé a rinneadh in 2022. I measc na rioscaí bhí dallamullóg ag tarlú go coitianta; thug 59% de fhreagróirí Ghlúin Z le fios go ndearna siad teagmháil le duine éigin ar líne a d'inis bréaga faoina c(h)éannacht. (Choimisiúnaigh Snap an taighde seo, ach cuirtear san áireamh eispéiris dhéagóirí Ghlúin Z agus aosach óg ar fud na n-ardán agus na seirbhísí ar líne ar fad, agus níor leagadh béim shonrach ar Snapchat.)
“Tá sé brónach agus tragóideach uaireanta nuair a bhíonn ar aon duine – ach go háirithe daoine óga – déileáil le mealladh agus le camscéimeanna,” dar le POF ConnectSafely, Larry Magid. “Ar an drochuair, bíonn ar go leor daoine déileáil lena leithéid i ríomhphost, téacsteachtaireachtaí, comhrá, na meáin shóisialta agus eispéiris ar líne eile. Treisíonn sé an riachtanas go mbeadh gach páirtí leasmhar níos airdeallaí chomh fada is a bhaineann le cúrsaí oideachais chun litearthacht faoi na meáin agus scileanna smaointeoireachta criticiúla a threisiú mar aon le teicneolaíocht feabhsaithe agus reachtaíocht chiallmhar chun cabhrú le húsáideoirí de gach aois a chosaint.”
Is mór an onóir do Snap a bheith páirteach in ConnectSafely, eagraí oifigiúil Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte (SID) in SAM, agus tá ceiliúradh á dhéanamh ag imeacht náisiúnta na bliana seo ar 21 bliain ó bunaíodh SID, tráth a mbeidh cuid dár dtorthaí taighde is déanaí á roinnt againn. Tá ceiliúradh á dhéanamh ar SID i mbreis is 100 tír, agus tá sé mar aidhm leis daoine óga agus aosaigh a chumhachtú chun teicneolaíocht a úsáid go freagrach, go measúil, go criticiúil agus go cruthaitheach. Le trí bliana anuas, tá taighde trasardáin déanta againn ar fholláine dhigiteach agus tá torthaí iomlána rannpháirtíocht leanúnach Snap in SID curtha ar fáil againn. Cabhraíonn na torthaí linn chun bonn eolais a chur ar fáil don timpeallacht teicneolaíochta fhoriomlán, agus chun bonn fianaise a sholáthar a chabhraíonn linn chun eispéiris níos sábháilte, níos sláintiúla agus níos dearfaí a chruthú do chách.
Roinnt treochtaí spreagúla
Dea-chomhartha is ea go léirítear sna torthaí is déanaí go ndúirt níos mó de Ghlúin Z anuraidh (i gcomparáid le blianta roimhe sin) gur labhair siad le duine éigin nó gur lorg siad cúnamh i ndiaidh déileáil le riosca ar líne. Thuairiscigh beagnach seisear as gach 10 (59%) de dhaoine idir 13-24 bliain d'aois gur lorg siad cúnamh, sin méadú de naoi bpointe céatadáin i gcomparáid le 2023. Ar an gcuma chéanna, thug breis is leath (51%) de thuismitheoirí daoine idir 13-19 mbliana d'aois le fios gur labhair siad go gníomhach lena ndéagóirí faoin saol ar líne, sin méadú de naoi bpointe céatadáin i gcomparáid le Bliain 2 freisin. Idir an dá linn, thug céatadán beagán níos mó tuismitheoirí (45% v. 43% i mBliain 2) le fios go bhfuil siad muiníneach go mbeidh a ndéagóirí freagrach ar líne agus nach dóigh leo gur gá dóibh monatóireacht ghníomhach a dhéanamh orthu.
Toradh dearfach eile is ea gur lean “sócmhainní tacaíochta” do dhaoine óga ag fás anuraidh. Is éard atá i gceist le sócmhainní tacaíochta i saol duine óig duine éigin, cibé acu sa bhaile nó sa scoil, nó sa phobal, ar féidir leis nó léi labhairt leo faoina gcuid fadhbanna, daoine a bheidh sásta éisteacht leo agus daoine a chreideann go n-éireoidh leo. Ní nach ionadh, léirítear go leanúnach i dtaighde go mbaineann daoine óga a bhfuil líon níos mó sócmhainní tacaíochta ar fáil dóibh folláine dhigiteach níos láidre. Sin an chúis nach mór dúinn tacú le déagóirí agus le haosaigh óga ar líne agus as líne.
Anseo thíos tá roinnt torthaí ardleibhéil breise ó Bhliain 3:
Thug 23% den 6,004 de Ghlúin Z a rinne suirbhé sna sé thír le fios gur íospartaigh chomhéigin ghnéis ba ea iad. Thuairiscigh níos mó ná leath (51%) gur mealladh iad chun páirt a ghlacadh i gcásanna ar líne áirithe nó gur ghlac siad páirt in iompar digiteach contúirteach a bhféadfadh comhéigean gnéis a bheith dá thoradh. Ina measc sin bhí “grúmaeireacht” (37%), “cluanaíocht fhíorúil” (30%), haiceáil (26%), nó íomhánna pearsanta a roinnt ar líne (17%). (Chuireamar cuid de na torthaí sin ar fáil i mí Dheireadh Fómhair seo caite.)
Ní raibh tuismitheoirí airdeallach ar an mbaint a bhí ag Glúin Z le híomhánna pearsanta ar líne. Níor thug ach 1 thuismitheoir amháin as gach cúigear (21%) tuismitheoirí déagóirí le fios gur shíl siad go raibh baint ag a ndéagóirí le híomhánna gnéis ar líne. Go deimhin, d'admhaigh níos mó ná an tríú cuid (36%) de dhéagóirí go raibh baint acu lena leithéid – bearna 15 phointe céatadáin.
Thuairiscigh 24% de fhreagróirí Ghlúin Z go raibh íomhánna nó físeáin IS-ghinte de chineál éigin feicthe acu a bhain le cúrsaí gnéis. As measc na ndaoine a thug le fios go raibh an cineál seo ábhair feicthe acu, thug 2% le fios gur chreid siad gur mionaoiseach a bhí le feiceáil sna híomhánna. (Chuireamar cuid de na sonraí sin ar fáil i mí na Samhna.)
Táthar ag glacadh leis na torthaí mar chuid de thaighde leanúnach Snap ar fholláine dhigiteach Ghlúin Z agus is ionann iad agus an tráthchuid is déanaí dár DWBI, beart a léiríonn conas atá ag éirí le déagóirí (aois 13-17) agus aosaigh óga (aois 18-24) ar líne i sé thír: an Astráil, an Fhrainc, an Ghearmáin, India, an Ríocht Aontaithe, agus SAM. Chomh maith leis sin, déanaimid suirbhé ar dhaoine atá idir 13-19 mbliana d'aois faoi neamhchosaint a ndéagóirí ar riosca ar líne. Bailíodh na vótaí idir an 3 Meitheamh agus an 19 Meitheamh, 2024, agus chaith 9,007 freagróir vóta, freagróirí a bhain le trí dhéimeagrafaic aoise agus le sé cheantar gheografacha.
DWBI Bliain 3
Sannnann an DWBI scór de idir 0 agus 100 ar gach freagróir bunaithe ar chomhaontú le raon ráiteas tuairime. Ansin gineann scóir freagróirí aonair scóir shonracha tíre agus cuirtear meán sé thíre ar fáil. I ndiaidh méanfhigiúr a chur ar fáil don sé cheantar gheografacha, mhéadaigh DWBI 2024 pointe céatadáin amháin go dtí 63 ó 62 in 2023 agus in 2022. Agus gach rud a chur san áireamh, is meánfhigiúr atá ann, ach tá sé dearfach ó tharla go bhfuil an neamhchosaint ar riosca i measc déagóirí agus aosach óg ag méadú. Don tríú bliain as a chéile, cláraíodh an DWBI is airde san India ag 67, agus mar bhonn leis sin bhí cultúr láidir de thacaíocht tuismitheora, ach níor athraigh an figiúr i gcomparáid le 2023. Bhí na figiúirí sa Ríocht Aontaithe agus in SAM pointe céatadáin níos airde, mhéadaigh siad go dtí 63 agus 65, faoi seach, agus d'fhan na figiúirí don Fhrainc agus don Ghearmáin mar an gcéanna ag 59 agus 60. Ba í an Astráil an t-aon tír ar laghdaigh a DWBI pointe céatadáin amháin go dtí 62.
Baineann an t-innéacs tairbhe as samhail PERNA, leagan éagsúil den teoiric folláine sheanbhunaithe 1, 20 ráiteas tuairime i gcúig chatagóir: Mothúchán Dearfach, Rannpháirtíocht, Caidreamh, Mothúchán Diúltach, agus Gnóthachtáil. Ag cur a n-eispéiris ar líne ar fad san áireamh ar aon ghléas nó aip – ní díreach Snapchat – le trí mhí roimhe sin, fiafraíodh de fhreagróirí an leibhéal ar chomhaontaigh siad le gach ceann den 20 ráiteas a chlárú. Mar shampla, “Mhothaigh mé go ginearálta go raibh an méid a rinne mé ar líne luachmhar agus fiúntach,” i gcatagóir na Mothúchán Pearsanta, agus “Tá cairde agam a éisteann liom nuair a bhíonn rud éigin le rá agam ar líne,” faoi Chaidreamh. (Féach ar an nasc seo chun liosta de 20 ráiteas DWBI a fháil.)
Déagóirí san Astráil agus san Eoraip: Cuir iarratas faoi bhráid ár gComhairlí um Fholláine Dhigiteach nua
Anuraidh, chun cabhrú linn aird a tharraingt ar an taighde is déanaí atá déanta againn agus ar ár dtiomantas leanúnach do dhéagóirí ar líne, sheolamar ár gcéad chlár píolótach, Comhairle um Fholláine Dhigiteach (CDWG), clár do dhéagóirí in SAM, atá dírithe ar éisteacht, ar fhoghlaim agus ar eispéiris dhigiteacha daoine idir 13-16 bhliain d'aois a fheabhsú. I mbeagán focal, tharraing an clár ár n-aird ar go leor rudaí difriúla, bhaineamar tairbhe as agus píosa spraoi freisin – agus, dá bhrí sin, chinneamar an clár a fhorbairt agus dhá “chomhchomhairle” a bhunú san Astráil agus san Eoraip, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe. Táimid ag súil le tús a chur leis na próisis iarratais sna ceantair gheografacha sin go luath.
Idir an dá linn, agus i gcomhar le SID 2025, chomhoibrigh roinnt ball de chomhairle SAM leis an Institiúid Sábháilteachta Ar Líne Teaghlaigh chun deis a thabhairt dóibh a dtuairimí maidir le príomhábhair sábháilteachta digití a roinnt le déagóirí agus le tuismitheoirí. Féach ar an mblag seo ar shuíomh gréasáin FOSI chun tuairimí bhaill CDWG a fháil maidir le húsáid shábháilte a bhaint as na meáin shóisialta, an tábhacht a bhaineann le hábhair imní a thuairisciú d'ardáin agus do dhaoine eile, moltaí maidir le labhairt le tuismitheoirí faoi cheisteanna sábháilteachta, agus tuilleadh. Gabhaimid buíochas le FOSI as an deis uathúil seo a thabhairt dúinn agus táimid ag súil go mbainfidh teaghlaigh ar fud an domhain tairbhe as an treoir agus as na pointí eolais.
Táimid ag súil le deiseanna den chineál céanna a thabhairt do dhaoine óga i gcodanna eile den domhan trínár gclár CDWG a fhorbairt. Go dtí sin, molaimid go gach duine oibriú ar mhaithe le sábháilteacht sa lá atá inniu ann ar SID agus i rith 2025!
Tá eolas le fáil inár dtaighde ar Fholláine Dhigiteach ar neamhchosaint Ghlúin Z ar rioscaí ar líne, a gcaidreamh agus a dtuairimí faoina ngníomhaíochtaí ar líne sna míonna roimhe sin. Tá níos mó i gceist leis an taighde ná an méid is féidir linn a roinnt i mblagphostáil amháin. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait faoin Innéacs Folláine Digiteach agus taighde, féach ar ár suíomh gréasáin, mar aon leis an míniúnuashonraithe seo, na torthaí taighde iomlána, ná sé ghrafaic eolais áitiúla: an Astráil, an Fhrainc, an Ghearmáin, India, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, agus doiciméad nua, “Guthanna don Fholláine Dhigiteach,” ina gcuimsítear tuairimí maidir le luach an taighde seo ó chuid dár gcomhpháirtithe agus comhoibrithe.
— Jacqueline Beauchere, Ceannasaí Domhanda na Sábháilteachta Ardáin