Lárionad Polasaí

Polasaithe Fógraíochta

Is aip é Snapchat a thugann cumhacht do na daoine iad féin a chur in iúl, maireachtáil san am i láthair, foghlaim faoin domhan agus spraoi a bheith acu le chéile. Is é an bealach is éasca agus is tapa chun raon iomlán mothúcháin an duine a chur in iúl le do chairde gan brú a bheith tóir ort, nó a bheith álainn nó foirfe.

I spiorad na barántúlachta sin, táimid ag súil go mbeidh fógróirí macánta maidir leis a gcuid táirgí, seirbhísí agus ábhar, a bheith cineálta lenár bpobal éagsúil agus nach gcuirfidh siad isteach ar phríobháideachas Snapchatters riamh.

Tá na Polasaithe Fógraíochta seo i bhfeidhm ar gach gné d'fhógraí ("fógraí") a dháiltear ag Snap––lena n-áirítear aon gnéithe cruthaitheacha, leathanach tuirlingthe, nó codanna ábhartha eile de na fógraí iad féin––agus tá tú freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann gach fógra na polasaithe sin.

Ceanglaítear ar fhógróirí Téarmaí Seirbhíse agus Treoirlínte Pobail de chuid Snap a chomhlíonadh, go gcomhlíonann gach fógra na polasaithe go léir de chuid Snap a rialaíonn úsáid ár Seirbhísí. D'fhéadfaimis ár dtéarmaí, ár bpolasaithe agus ár dtreoirlínte a nuashonrú ó am go chéile, mar sin déan iad a sheiceáil agus a athbhreithniú go rialta.

Tá gach fógra faoi réir ár n-athbhreithnithe agus ár gceadaithe. Forchoimeádaimid an ceart aon fhógra a dhiúltú nó a bhaint dár rogha féin amháin ar chúis ar bith, lena n-áirítear mar fhreagra ar aiseolas ó úsáideoirí, rud a ghlacaimid i ndáiríre. Coimeádaimid an ceart chomh maith chun modhnuithe a iarraidh ar aon fhógra, chun ceangal a chur ort bunús fíorasach a chur ar fáil maidir le haon éileamh a dhéantar i bhfógra, nó chun ceangal a chur ort doiciméid a thaispeánann go bhfuil aon cheadúnas nó údarú agat a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil i ndáil le d'fhógra.

Féadfaidh Snap cuntais a bhaineann le gnólachtaí nó daoine aonair a sháraíonn ár bPolasaithe Fógraíochta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

Féadfaidh Snapchatters fógraí a chomhroinnt le daoine eile nó fógraí a shábháil ar a gcuid gléasanna. Is féidir leo aon cheann de na huirlisí agus gnéithe a chuirimid ar fáil ar Snapchat a úsáid chun fotheidil, líníochtaí, scagairí, nó gnéithe cruthaitheacha eile a chur i bhfeidhm ar an bhfógra nó, má ritheann tú fógraí sa Líonra Lucht Spéise, féadfaidh siad aon uirlisí agus gnéithe a chuirtear ar fáil a úsáid nuair agus an fógra á rith. Is féidir fógraí atá dírithe ar aois a chomhroinnt laistigh de Snapchat le Snapchatters d'aois ar bith. Le fail amach an feidir leat srian a chur le chomhroint fágraí agus le sábháil fograi do d'fograi laistigh de Snapchat, déan teagmháil le d'ionadai cuntais né tabhair cuairt arár Lárionad Cabhrach do Ghnólachtaí.

Féadfaimid faisnéis a bhaineann le fágraia fhoilsiu (lena n-áiritear ábhar cruthaitheach, spriocdhíriú, an t-eintiteas a íocann táille, faisnéis teagmhála, agus an praghas a íocadh ar na fógraí sin), nó an fhaisnéis sin a chomhroinnt le tríú páirtithe, lena n-áirítear: (a) ár gcomhpháirtithe meán nuair a ritheann d’fhógraí in ábhar a bhaineann leis an gcomhpháirtí meán sin; agus (b) tríú páirtithe a bhfuil a gcuid táirgí nó seirbhísí a roghnaigh tú a úsáid i dtaca leis na fógraí.

Mar a deirimid inár dTéarmaí Seirbhíse, má úsáideann tú seirbhís, gné, nó feidhmiúlacht atá á oibriú ag tríú páirtí agus a chuirtear ar fáil trínár Seirbhísí (lena n-áirítear Seirbhísí a chuirimid ar fáil i gcomhpháirt leis an tríú páirtí), rialóidh téarmaí gach páirtí an caidreamh atá ag an páirtí faoi seach leat. Níl Snap ná a chleamhnaithe freagrach ná faoi dhliteanas as téarmaí nó gníomhartha tríú páirtí.

An chéad rud eile:

Riachtanais Ginearálta

Read Next