Príobháideachas agus Sábháilteacht de réir Dearaidh
Príobháideachas agus Sábháilteacht Ionsuite ón gCéad Lá.
Osclaíonn sé chuig Ceamara, Ní chuig Fotha Ábhair.
Is rogha eile é Snapchat ar na meáin shóisialta thraidisiúnta — aip teachtaireachtaí amhairc a chuidíonn leat do chaidreamh le do chairde, do theaghlach agus an domhan a fheabhsú. Sin an fáth a n-osclaíonn Snapchat go díreach chuig an gceamara, ní chuig fotha ábhair, agus díríonn sé ar dhaoine a bhfuil cairdeas acu cheana féin sa saol dáiríre a nascadh. Tugann Snapchat an chumhacht duit tú féin a chur in iúl agus spraoi a bheith agat le cairde gan an brú a bheith ort lucht leanta a mhéadú nó dul in iomaíocht le haghaidh 'likes'.

Cumarsáid a Léiríonn an Saol Fíor
Toisc go scriostar teachtaireachtaí de réir réamhshocraithe, léiríonn Snapchat an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú de ghnáth le cairde aghaidh ar aghaidh nó ar an nguthán.

Coimircí agus Cosaintí Duit
Ba mhaith linn go mbeadh Snapchat sábháilte do chách. Cuirimid cosaintí breise ar fáil do dhaoine óga agus ní cheadaímid d'ábhar neamhghrinnithe dul víreasach.

Ag Treorú lenár
Luachanna
Ón gcéad lá, tá táirgí tógtha againn a thugann tús áite do phríobháideachas, sábháilteacht agus folláine ár bpobail.

Lárionad Polasaí
Chruthaíomar rialacha agus polasaithe a mhíníonn cearta agus freagrachtaí gach ball dár bpobal.

Lárionad Príobháideachais
Léiríonn Snapchat an príobháideachas a mbeifeá ag súil leis i do chaidrimh sa saol dáiríre. Féach ar ár bprionsabail príobháideachais i mbun gnímh.

Lárionad Sábháilteachta
Cuidíonn ár bpolasaithe agus ár ngnéithe sábháilteachta san aip le Snapchatters iad féin a chur in iúl agus nascadh go sábháilte le daoine a bhfuil aithne acu orthu i ndáiríre.

Tuairiscí Trédhearcachta
Táimid tiomanta do bheith trédhearcach faoina bhfuil ar siúl againn chun Snapchatters a choinneáil níos sábháilte agus meas á léiriú againn ar a bpríobháideachais.

