Snap's European Council for Digital Well-Being
Bhunaigh Snap Comhairle Eorpach um Fholláine Dhigiteach chun guth na ndéagóirí a chloisteáil faoi staid an tsaoil ar líne sa lá atá inniu ann, chomh maith lena n-ionchais agus a n-idéalacha maidir le heispéiris ar líne níos dearfaí agus níos tairbhí. Tá 14 déagóir ó 10 dtír ar an gComhairle.
Glacann baill ár gcomhairle páirt i bplé rialta chun a gcuid eolais ar shábháilteacht ar líne agus ar chearta agus freagrachtaí sa saol digiteach a dhoimhniú, chun a scileanna ceannaireachta agus abhcóideachta a fheabhsú, agus chun fás mar bhaill foirne agus meantóirí piaraí.












